Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, tháinig daoine ó theach an uachtaráin a dúirt leis, “Tá dʼiníon marbh. Ní fiú an tOide a bhuaireamh níos faide.” Ach rinne Íosa neamh-aird díobh, agus dúirt sé le huachtarán na sionagóige, “Ná bíodh eagla ort, níl agat le déanamh ach bheith creidmheach.”