Is é a dʼfhreagair Íosa, “Is í an chéad aithne, ‘Éist, a Iosrael: Is é an Tiarna ár nDia, agus is aon Dia amháin an Tiarna; agus bíodh grá agat do do Thiarna Dia le do chroí ar fad, agus le dʼanam ar fad, agus le dʼintinn ar fad, agus le do chumas ar fad.’ Is í seo an dara haithne, ‘Bíodh grá agat do do chomharsa mar a bhíonn agat duit féin.’ Níl aithne eile ann is mó ná iad seo.”