1
Marcas 10:45
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Mar níor tháinig Mac an duine le seirbhís a fháil ach le seirbhís a dhéanamh, agus lena anam a thabhairt mar éiric ar son mórán daoine.”
Compare
Explore Marcas 10:45
2
Marcas 10:27
Dʼfhéach Íosa orthu agus dúirt sé, “Sin ní nach féidir leis na daoine, ach is féidir le Dia; mar níl ní nach féidir le Dia.”
Explore Marcas 10:27
3
Marcas 10:52
Agus dúirt Íosa leis, “Imigh romhat; shlánaigh do chreideamh thú.” Agus ar an toirt sin fuair sé a radharc agus lean sé sa bhealach é.
Explore Marcas 10:52
4
Marcas 10:9
Mar sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh an duine ó chéile é.”
Explore Marcas 10:9
5
Marcas 10:21
Agus dʼfhéach Íosa air agus thug sé grá dó, agus dúirt sé leis, “Níl in easpa ort ach aon ní amháin; imigh leat, agus díol a bhfuil agat, agus roinn a luach leis na bochtáin, agus beidh éadáil agat ar neamh; agus tar agus lean mise.”
Explore Marcas 10:21
6
Marcas 10:51
Agus dúirt Íosa leis, “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Agus dúirt an dall leis, “A Mháistir, lig dom mo radharc a fháil.”
Explore Marcas 10:51
7
Marcas 10:43
Ach ní hamhlaidh a bheidh sé eadraibh; ach an té ar mhaith leis bheith ina fhear mór eadraibh caithfidh sé bheith mar sheirbhíseach agaibh
Explore Marcas 10:43
8
Marcas 10:15
Is i bhfírinne a deirim libh, an té nach nglacann le ríocht na bhflaitheas ar nós linbh ní rachaidh sé isteach inti.”
Explore Marcas 10:15
9
Marcas 10:31
Ach is iomaí duine atá ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an duine deireannach is ar dtús a bheidh sé.”
Explore Marcas 10:31
10
Marcas 10:6-8
Ach ó chéad-tús na cruthaíochta, ‘rinne Dia iad fireann agus baineann.’ Ar an ábhar sin fágfaidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus beidh an dís ina n‑aon. Mar sin ní dís iad feasta ach aon.
Explore Marcas 10:6-8
Home
Bible
Plans
Videos