Nuair a bhí sé i gcathair de na cathracha, tháinig chuige fear lomlán de lobhra; agus ní luaithe a chonaic sé Íosa ná thit sé ar a bhéal roimhe gur iarr dʼimpí air, “A Thiarna,” ar seisean, “is féidir leat mé a dhéanamh glan má thoilíonn tú é.” Agus shín Íosa amach a lámh, gur leag air í, á rá, “Toilím é; bí tusa glan.” Agus dʼfhág an lobhra é ar an nóiméad.