1
Lúcás 16:10
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
“An té a bhíos iontaofa faoi bheagán, bíonn sé iontaofa freisin faoi mhórán; agus an té a bhíos mí-ionraic faoi bheagán bíonn sé mí-ionraic faoi mhórán freisin.
Compare
Explore Lúcás 16:10
2
Lúcás 16:13
Ní fhéadann aon seirbhíseach bheith ar aimsir ag an dá mháistir; mar beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó é dílis do dhuine acu agus dímheas aige ar an duine eile. Ní féidir libhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag mammon san am amháin.”
Explore Lúcás 16:13
3
Lúcás 16:11-12
Mar sin, mura raibh tú iontaofa faoi thoice éagórach an tsaoil seo, cé a thaobhóidh an saibhreas fírinneach libh? Agus mura raibh tú iontaofa i gcuid na comharsan, cé a thabharfas do chuid féin duit?
Explore Lúcás 16:11-12
4
Lúcás 16:31
Ach is é a dúirt sé leis, ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní chuirfear ina luí orthu é ach an oiread dá mba rud é go n‑éireodh duine ó na mairbh.’”
Explore Lúcás 16:31
5
Lúcás 16:18
“Níl duine dá scarann lena bhean agus bean eile a phósadh nach mbíonn ag déanamh adhaltranais, agus an fear a phósas bean atá deighilte óna fear féin bíonn sé ag déanamh adhaltranais.
Explore Lúcás 16:18
Home
Bible
Plans
Videos