Agus tháinig fuaim ó neamh mar shéideán gaoithe móire, agus bhí an teach a raibh siad ina suí ann lán de ghlór na gaoithe. Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ann, agus iad á ndealú ó chéile agus ag tuirlingt ar an uile dhuine acu. Agus líonadh den Spiorad Naomh iad uile go léir, gur thosaigh ar labhairt i dteangacha éagsúla, mar a thug an Spiorad urlabhra dóibh.