Gidheadh tháinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A Thighearna, foir orum. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Ní coir arán na cloinne do ghlacadh, agus do theilgean chum na ngádhar. Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh fós ithid no coilén cuid don shrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin.