1
Apacailipsis (Taispeántadh) 8:1
An Bíobla Naofa 1981
Nuair a d'oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.
Compare
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 8:1
2
Apacailipsis (Taispeántadh) 8:7
Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 8:7
3
Apacailipsis (Taispeántadh) 8:13
Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 8:13
4
Apacailipsis (Taispeántadh) 8:8
Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 8:8
5
Apacailipsis (Taispeántadh) 8:10-11
Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce. “Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n‑uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 8:10-11
6
Apacailipsis (Taispeántadh) 8:12
Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 8:12
Home
Bible
Plans
Videos