1
Matha 7:7
An Bíobla Naofa 1981
“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
Compare
Explore Matha 7:7
2
Matha 7:8
Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
Explore Matha 7:8
3
Matha 7:24
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig
Explore Matha 7:24
4
Matha 7:12
“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
Explore Matha 7:12
5
Matha 7:14
Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.
Explore Matha 7:14
6
Matha 7:13
“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.
Explore Matha 7:13
7
Matha 7:11
Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
Explore Matha 7:11
8
Matha 7:1-2
“Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.
Explore Matha 7:1-2
9
Matha 7:26
“Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh
Explore Matha 7:26
10
Matha 7:3-4
“Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail i do shúil féin? Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!
Explore Matha 7:3-4
11
Matha 7:15-16
“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh. Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d'fheochadáin?
Explore Matha 7:15-16
12
Matha 7:17
Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí.
Explore Matha 7:17
13
Matha 7:18
Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt.
Explore Matha 7:18
14
Matha 7:19
Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.
Explore Matha 7:19
Home
Bible
Plans
Videos