D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos á rá:
“Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar,
Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís.
An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim.
Moladh le hainm an Tiarna.”
Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé.