1
Séamas 1:2-3
An Bíobla Naofa 1981
Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe, mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht.
Compare
Explore Séamas 1:2-3
2
Séamas 1:5
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.
Explore Séamas 1:5
3
Séamas 1:19
Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge
Explore Séamas 1:19
4
Séamas 1:4
Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh.
Explore Séamas 1:4
5
Séamas 1:22
Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.
Explore Séamas 1:22
6
Séamas 1:12
Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
Explore Séamas 1:12
7
Séamas 1:17
Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.
Explore Séamas 1:17
8
Séamas 1:23-24
Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán; feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é.
Explore Séamas 1:23-24
9
Séamas 1:27
Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.
Explore Séamas 1:27
10
Séamas 1:13-14
Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine; ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é
Explore Séamas 1:13-14
11
Séamas 1:9
Maíodh an bráthair uiríseal de bhrí gur ardaíodh é
Explore Séamas 1:9
Home
Bible
Plans
Videos