1
Íseáia 6:8
An Bíobla Naofa 1981
Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: “Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?” D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”
Compare
Explore Íseáia 6:8
2
Íseáia 6:3
Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: “Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”
Explore Íseáia 6:3
3
Íseáia 6:5
Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
Explore Íseáia 6:5
4
Íseáia 6:1
An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine
Explore Íseáia 6:1
5
Íseáia 6:7
Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: “Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d'urchóid clúdaithe.”
Explore Íseáia 6:7
6
Íseáia 6:2
bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d'eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.
Explore Íseáia 6:2
7
Íseáia 6:6
Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.
Explore Íseáia 6:6
8
Íseáia 6:9
Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
Explore Íseáia 6:9
9
Íseáia 6:10
Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”
Explore Íseáia 6:10
Home
Bible
Plans
Videos