Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis, is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.