1
Geineasas 37:5
An Bíobla Naofa 1981
Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d'inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó.
Compare
Explore Geineasas 37:5
2
Geineasas 37:3
Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó.
Explore Geineasas 37:3
3
Geineasas 37:4
Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n‑athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis.
Explore Geineasas 37:4
4
Geineasas 37:9
Rinneadh taibhreamh eile dó agus d'inis sé dá dheartháireacha é: “Féach! bhí taibhreamh eile agam,” ar sé. “Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.”
Explore Geineasas 37:9
5
Geineasas 37:11
Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal.
Explore Geineasas 37:11
6
Geineasas 37:6-7
“Éistigí,” ar sé, “leis an taibhreamh a rinneadh dom. Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d'éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.”
Explore Geineasas 37:6-7
7
Geineasas 37:20
Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.”
Explore Geineasas 37:20
8
Geineasas 37:28
Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.
Explore Geineasas 37:28
9
Geineasas 37:19
“Seo chugainn,” a dúradar le chéile, “fear na dtaibhreamh.
Explore Geineasas 37:19
10
Geineasas 37:18
Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.
Explore Geineasas 37:18
11
Geineasas 37:22
Ná doirtigí aon bhraon fola,” arsa Reúbaen leo; “caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air” - mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair.
Explore Geineasas 37:22
Home
Bible
Plans
Videos