1
Geineasas 27:28-29
An Bíobla Naofa 1981
Go dtuga Dia duit de dhrúcht neimhe, agus de mhéith na talún, flúirse arbhair agus fíona! Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”
Compare
Explore Geineasas 27:28-29
2
Geineasas 27:36
Dúirt Éasau: “Nach maith mar atá sé tuillte aige Iacób a bheith mar ainm air. Seo an dara huair aige ag fáil buntáiste orm. Sciob sé leis mo cheart sinsearachta, agus seo anois é ag baint mo bheannachta díom.” Agus ar sé: “Ar choimeád tú aon bheannacht domsa?”
Explore Geineasas 27:36
3
Geineasas 27:39-40
D'fhreagair a athair Íosác é ansin mar leanas: “Is fada ó mhéith na talún a bheidh d'áit lonnaithe, agus is fada ón drúcht ó neamh thuas. Mairfidh tú de bhíthin do chlaímh, agus déanfaidh tú fónamh do do dheartháir. Ach nuair a bhainfidh tú saoirse amach, cuirfidh tú a chuingsean de do mhuineál.”
Explore Geineasas 27:39-40
4
Geineasas 27:38
Dúirt Éasau lena athair: “An amhlaidh nach bhfuil agat ach an t‑aon bheannacht amháin, a athair? Cuir beannacht ormsa, chomh maith, a athair liom.” [Níor labhair Íosác focal], ach scread Éasau in ard a chinn agus bhris a ghol air.
Explore Geineasas 27:38
Home
Bible
Plans
Videos