1
Geineasas 22:14
An Bíobla Naofa 1981
Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”
Compare
Explore Geineasas 22:14
2
Geineasas 22:2
“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d'aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”
Explore Geineasas 22:2
3
Geineasas 22:12
Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”
Explore Geineasas 22:12
4
Geineasas 22:8
D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.
Explore Geineasas 22:8
5
Geineasas 22:17-18
dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”
Explore Geineasas 22:17-18
6
Geineasas 22:1
Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.
Explore Geineasas 22:1
7
Geineasas 22:11
Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”
Explore Geineasas 22:11
8
Geineasas 22:15-16
Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh: “Mhionnaigh mé dar mise féin - focail an Tiarna iad seo - ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac féin, dom
Explore Geineasas 22:15-16
9
Geineasas 22:9
Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.
Explore Geineasas 22:9
Home
Bible
Plans
Videos