Dá réir sin má thug Dia dóibhsean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?” Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”