Agus do ḟreagair Iósa é, gurab í an ċéud do na huile aiṫeantuiḃ, Eísd, a Israél; Ar Dtiġearna Día, is áoin Tiġearna é: Ar a naḋḃarsin Gráiḋeíċuiḋ tú an Tiġearna do Ḋía féin as do ċroiḋe uile, agus as ṫanum uile, agus as ṫíntinn uile, agus as do ḃríġ uile: ag so an ċéudaíṫne. Agus is cósṁuil ría so, an dara haiṫne, Gráiḋéoċuiḋ tú do ċoṁarsa mar ṫú féin. Ní ḃfuil áiṫne eile ann is mó ná íad so.