Agus duḃairt an Spioraid le Piliḃ: Imṫiġ anonn agus cuir ṫu féin i n-aice an ċarbaid sin. Ṫáinig Pilib i n’aice agus d’airiġ sé é ag léiġe Isáias fáiḋ, agus duḃaint sé: An dóiġ leat a’ dtuigeann tú an níḋ atá agat d’á léiġe? Duḃairt seisean: Agus conus is féidir dom é ṫuisgint mura dtaisbeánaid duine éigin dom é? Agus d’iarr sé an Ṗilib dul suas agus suide i n’aice.