I lár na h-óiḋċe, áṁṫaċ, ḃí Pól agus Sílas ag déanaṁ úrnuiġṫe agus ag molaḋ Dé, agus ḃí na príosúnaiġ ag éisteaċt leó. Agus go h-obann do ṫáinig luasgaḋ talṁan i dtreó go raiḃ fallaí an ṗríosúin d’á suaṫaḋ go bun. Ansan, siúd na geataí go léir ar osgailt agus na ceangalaċa sgaoilte de sna priosúnaiġ go léir.