1
Marcus 11:24
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Cibé niḋ ġuiḋeas agus iarras siḃ, creidiḋ go ḃfuair siḃ é, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ é.
Compare
Explore Marcus 11:24
2
Marcus 11:23
Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine adéarfas leis an sliaḃ so, Tógtar ṫú, agus caiṫtear ṫú sa ḃfairrge, gan aon aṁras do ḃeiṫ ’n‐a ċroiḋe aige, aċt go gcreideann sé go dtiocfaiḋ an niḋ adeir sé ċum críċe; béiḋ sé aige.
Explore Marcus 11:23
3
Marcus 11:25
Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr seasaṁ ag déanaṁ urnuiġṫe, má ḃíonn niḋ ar biṫ agaiḃ i n‐aġaiḋ aon duine, maiṫiḋ ḋó é; ionnas go maiṫfeaḋ ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ ḃúr gcionntaí ḋaoiḃ‐se mar an gcéadna.
Explore Marcus 11:25
4
Marcus 11:22
Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ creideaṁ Dé agaiḃ.
Explore Marcus 11:22
5
Marcus 11:17
Agus ṫug sé teagasc, agus aduḃairt sé leo Naċ ḃfuil scríoḃṫa, Goirfear dem’ ṫiġ‐se teaċ urnuiġṫe le h‐agaiḋ na gcineaḋ uile? aċt atá uaċais biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ‐se ḋe.
Explore Marcus 11:17
6
Marcus 11:9
Agus na daoine do ḃí ar tosaċ rómpa, agus na daoine do ḃí ag leanaṁain ’n‐a ndiaiḋ, do ġlaoḋadar, Hósanná; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna!
Explore Marcus 11:9
7
Marcus 11:10
Is beannuiġṫe an ríoġaċt atá ag teaċt, ríoġaċt ár n‐aṫar Dáiḃi! Hósanná ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde!
Explore Marcus 11:10
Home
Bible
Plans
Videos