Óir cia aca ḋíḃ‐se gur mian leis túr do ṫógáil, naċ suiḋeann síos ar dtús ċum an costas do ṁeas, d’ḟéaċain an ḃfuil a ḋóṫain aige le críoċ do ċur air? Ar eagla, ṫar a éis dó an bun do ċur, agus gan ar ċumas dó a ċríoċnú, go dtosnóċaiḋ gaċ duine ḟéaċas air ar ḃeiṫ ag magaḋ faoi, g‐á fáḋ, Do ṫosnuiġ an duine seo ar ṫógáil, agus do ċlis sé air críoċnú.