Agus béiḋ cóṁarṫaí san ġréin, agus san ġealaiġ, agus ins na réalta, agus ar an talaṁ imniḋe na gciniḋeaċ mar ġeall ar ċíor-ṫuaṫail ṫormán na mara agus na dtonn,
Daoine ag dul i meaṫ le scannruġaḋ, agus le feiṫeaṁ ar na neiṫe a ḃéas le ṫeaċt ar an doṁan go léir; óir béiḋ cuṁaċtaí neiṁe dá suaṫaḋ.
Agus annsin tċífiḋ siad Mac an Duine ag teaċt i néall fá ṁór-ċuṁaċt agus fá ġradam.