1
Eoin 15:5
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Is mise an ḟíneaṁain, síḃ-se na géaga: an té a ḟanas ionnam-sa, agus mise ann-san, ḃeir seisean toraḋ mór uaiḋ: óir gan mise ní féidir díḃ aon níḋ a ḋéanaṁ.
Compare
Explore Eoin 15:5
2
Eoin 15:4
Fanaigiḋ-se ionnam-sa: agus mise ionnaiḃ-se. Aṁail mar naċ féidir do’n ġéig toraḋ a ṫaḃairt uaiṫe féin, muna ḃfanaiḋ sí ar an ḟíneaṁain: ní féidir díḃ-se aċt a oiread, muna ḃfanaiḋ síḃ ionnam-sa.
Explore Eoin 15:4
3
Eoin 15:7
Má ḟanann síḃ ionnam-sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra-sa ionnaiḃ-se; iarrfaiḋ síḃ cibé rud is mian liḃ, agus ḋéanfar díḃ é.
Explore Eoin 15:7
4
Eoin 15:16
Ní síḃ-se a ṫoġ mise, aċt mise a ṫoġ síḃ-se, agus a ċuir síḃ ċun go dtéiġeaḋ síḃ, agus go dtaḃaraḋ siḃ toraḋ uaiḃ: agus go ḃfanaḋ ḃur dtoraḋ: ionnas, cibé níḋ a d’iarrfaḋ síḃ ar an Aṫair i m’ainm-se, go dtaḃaraḋ sé díḃ é.
Explore Eoin 15:16
5
Eoin 15:13
Ní fuil gráḋ is mó ná seo ag aoinneaċ, ná go dtaḃarfaḋ duine a ḃeaṫa ar son a ċarad.
Explore Eoin 15:13
6
Eoin 15:2
Gaċ géag orm naċ dtaḃrann toraḋ, gearrfaiḋ sé í: agus gaċ ceann a beir toraḋ, glanfaiḋ sé í, ċun go mba ṁóide a ḃéarfas sí toraḋ uaiṫe.
Explore Eoin 15:2
7
Eoin 15:12
Is í seo m’aiṫne, síḃ-se gráḋ a ṫaḃairt dá ċéile, mar a ṫug mise gráḋ díḃ-se.
Explore Eoin 15:12
8
Eoin 15:8
As seo a ġeiḃ m’Aṫair glóir, go dtaḃrann síḃ-se toraḋ an-ṁór uaiḃ, agus go ḃfuil siḃ i ḃur ndeisciobail agam-sa.
Explore Eoin 15:8
9
Eoin 15:1
Is mise an ḟíneaṁain ḟíor: agus is é m’Aṫair an saoṫruiġṫeoir.
Explore Eoin 15:1
10
Eoin 15:6
Cibé naċ ḃfanfaiḋ ionnam-sa: caiṫfear amaċ mar ġéig é, agus feoċfaiḋ sé; agus tógfaiḋ siad, agus caiṫfiḋ siad san teiniḋ é, agus dóiġeann sé.
Explore Eoin 15:6
11
Eoin 15:11
Duḃairt mé na neiṫe seo liḃ: ċun go mbéaḋ mo áṫas ionnaiḃ, agus go mbéaḋ ḃur n-áṫas-sa iomlán.
Explore Eoin 15:11
12
Eoin 15:10
Má ċongḃuiġeann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ síḃ i mo ġráḋ, aṁail mar ċongḃuiġ mise aiṫeanta m’Aṫar, agus fanaim ina ġráḋ.
Explore Eoin 15:10
13
Eoin 15:17
Órduiġim na neiṫe seo díḃ, ċun go raiḃ gráḋ agaiḃ dá ċéilé.
Explore Eoin 15:17
14
Eoin 15:19
Dá mba de’n tsaoġal síḃ: ḃéaḋ gráḋ ag an tsaoġal dá ċuid féin: aċt de ḃríġ naċ de’n tsaoġal siḃ, aċt gur ṫoġ mise as an tsaoġal siḃ, dá ḃríġ sin, tá fuaṫ ag an tsaoġal oraiḃ.
Explore Eoin 15:19
Home
Bible
Plans
Videos