1
Rómhánaigh 6:23
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.
Compare
Explore Rómhánaigh 6:23
2
Rómhánaigh 6:14
Mar ní bheidh aon tiarnas ag an bpeaca oraibh de bhrí nach faoin dlí atá sibh ach faoin ngrásta.
Explore Rómhánaigh 6:14
3
Rómhánaigh 6:4
Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.
Explore Rómhánaigh 6:4
4
Rómhánaigh 6:13
Agus ná tugaigí bhur mbaill bheatha suas don pheaca le bheith ina n-uirlisí urchóide ach, mar dhaoine a bheadh éiríthe beo ó mhairbh, déanaigí sibh féin a thabhairt suas do Dhia agus bíodh bhur mbaill bheatha ina n-uirlisí fíréantachta ag Dia.
Explore Rómhánaigh 6:13
5
Rómhánaigh 6:6
Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár sean-nádúr mar aon leis ar an gcros dʼfhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.
Explore Rómhánaigh 6:6
6
Rómhánaigh 6:11
Ar an gcuma chéanna ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.
Explore Rómhánaigh 6:11
7
Rómhánaigh 6:1-2
Cad a déarfaimid mar sin? An leanfaimid den pheaca chun go méadóidh ar an ngrásta? Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann?
Explore Rómhánaigh 6:1-2
8
Rómhánaigh 6:16
Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n-umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta.
Explore Rómhánaigh 6:16
9
Rómhánaigh 6:17-18
Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir, fuasclaíodh sibh ó chuing an pheaca agus chuaigh sibh faoi chuing na fíréantachta.
Explore Rómhánaigh 6:17-18
Home
Bible
Plans
Videos