1
Rómhánaigh 14:17-18
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
mar ní cúrsaí ite agus óil é Ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh. An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine.
Compare
Explore Rómhánaigh 14:17-18
2
Rómhánaigh 14:8
Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn.
Explore Rómhánaigh 14:8
3
Rómhánaigh 14:19
Bíodh tóir againn dá réir sin ar an tsíocháin a chothú agus ar a bheith ag treisiú le chéile.
Explore Rómhánaigh 14:19
4
Rómhánaigh 14:13
Éirímis as a bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair.
Explore Rómhánaigh 14:13
5
Rómhánaigh 14:11-12
mar tá scríofa: “Dar mo bheo,” deir an Tiarna, “ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.” Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia.
Explore Rómhánaigh 14:11-12
6
Rómhánaigh 14:1
Bíodh glacadh agaibh leis an duine atá lag sa chreideamh gan dul ag conspóid leis faoina thuairimí.
Explore Rómhánaigh 14:1
7
Rómhánaigh 14:4
Agus cé hé thusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh.
Explore Rómhánaigh 14:4
Home
Bible
Plans
Videos