1
Marcas 14:36
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
“Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupán seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liom-sa ach mar is toil leat-sa.”
Compare
Explore Marcas 14:36
2
Marcas 14:38
Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”
Explore Marcas 14:38
3
Marcas 14:9
Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”
Explore Marcas 14:9
4
Marcas 14:34
Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar mʼanam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.”
Explore Marcas 14:34
5
Marcas 14:22
Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.”
Explore Marcas 14:22
6
Marcas 14:23-24
Agus thóg sé an cupán, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus dʼól siad go léir as. Agus dúirt sé leo: “Is í seo mʼfhuil-se, fuil an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán.
Explore Marcas 14:23-24
7
Marcas 14:27
Agus dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus scaipfear na caoirigh.’
Explore Marcas 14:27
8
Marcas 14:42
Éirígí! Bímis ag gluaiseacht. Seo chugainn fear mo bhraite.”
Explore Marcas 14:42
9
Marcas 14:30
Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
Explore Marcas 14:30
Home
Bible
Plans
Videos