1
Lúcás 8:15
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.
Compare
Explore Lúcás 8:15
2
Lúcás 8:14
É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n-imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.
Explore Lúcás 8:14
3
Lúcás 8:13
Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.
Explore Lúcás 8:13
4
Lúcás 8:25
Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”
Explore Lúcás 8:25
5
Lúcás 8:12
Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad
Explore Lúcás 8:12
6
Lúcás 8:17
Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais.
Explore Lúcás 8:17
7
Lúcás 8:47-48
Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus dʼinis i láthair cách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.”
Explore Lúcás 8:47-48
8
Lúcás 8:24
Agus tháinig siad chuige dá mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.
Explore Lúcás 8:24
Home
Bible
Plans
Videos