Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, A Rabbí, cia aca do‐rinne peacadh, an duine seo, nó a athair agus a mháthair, go rugadh é ’n‐a dhall? D’fhreagair Íosa, Ní h‐é gur pheacuigh sé seo ná a athair ná a mháthair: acht chum go bhfoillseochaidhe oibreacha Dé tríd.