Agus tháinig go h‐obann torann ó neamh mar bhéadh cuaifeach gaoithe aintréine ann, agus do líon sé an teach ’n‐a rabhadar ’n‐a suidhe. Agus do nochtadh dhóibh mar bhéadh teangthacha teineadh scoilte ó chéile, do shuidh ar gach duine aca. Agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do thionnscnadar labhairt as teangthachaibh éagsamhla, de réir mar thug an Spiorad dóibh labhairt.