Agus ag dúiseacht d’fhear an phríosúin as a chodladh, do chonnaic sé dóirse an phríosúin ar fhoscailt, agus ag tarraing a chlaidhimh dó, bhí sé ar tí é féin do mharbhadh, óir cheap sé gur éaluigh na príosúnaigh. Acht do ghlaodh Pól de ghuth árd, g‐á rádh, Ná déan aon díoghbháil ort féin: atáimíd uile annso.