1
Marcus 8:35
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Óir, an t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam.
Compare
Explore Marcus 8:35
2
Marcus 8:36
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin?
Explore Marcus 8:36
3
Marcus 8:34
Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n-aonfheacht, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé.
Explore Marcus 8:34
4
Marcus 8:37-38
Nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam? Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha.
Explore Marcus 8:37-38
5
Marcus 8:29
Ansan dubhairt sé leó: Ach dar libh-se cé h-é me? Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Is tusa Críost.
Explore Marcus 8:29
Home
Bible
Plans
Videos