1
Eóin 10:10
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Ní thagann an bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu, agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla.
Compare
Explore Eóin 10:10
2
Eóin 10:11
Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta a anam ar son a chaorach.
Explore Eóin 10:11
3
Eóin 10:27
Éistid mo chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé.
Explore Eóin 10:27
4
Eóin 10:28
Agus tá an bheatha shíoruidhe agam-sa ’á thabhairt dóibh; agus ní caillfar go deó iad, agus ní dhéanfaidh aoinne iad a dh’fhuadach as mo láimh-se.
Explore Eóin 10:28
5
Eóin 10:9
Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht.
Explore Eóin 10:9
6
Eóin 10:14
Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé.
Explore Eóin 10:14
7
Eóin 10:29-30
Tá an nídh a thug m’Athair dom níos mó ’ná gach uile nídh; agus ní féidir d’aoinne fuadach as láimh m’Athar. Is aon mise agus an t-Athair.
Explore Eóin 10:29-30
8
Eóin 10:15
Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach.
Explore Eóin 10:15
9
Eóin 10:18
Ní’l aoinne ’ghá thógaint uaim, ach is uaim féin atáim ’ghá thabhairt uaim; agus tá ar mo chumas é thabhairt uaim, agus tá ar mo chumas é thógaint chúgham airís. Siní an aithne a fuaras ó m’Athair.
Explore Eóin 10:18
10
Eóin 10:7
Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach.
Explore Eóin 10:7
11
Eóin 10:12
An fear tuarasdail ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin ná caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.
Explore Eóin 10:12
12
Eóin 10:1
Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe.
Explore Eóin 10:1
Home
Bible
Plans
Videos