Agus dʼfhreagair Íosa é: Is í seo an chéad aithne acu uilig: Éist, a Israéil, is aon Dia amháin do Thighearna Dia,
Agus grádhóchaidh tú do Thighearna Dia le do chroidhe go h-iomlán, agus le dʼanam go h-iomlán, agus le dʼintinn go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán. Is í seo an chéad aithne.
Agus is cosamhail léi an dara ceann: Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin. Ní fhuil aithne eile ann is mó ná iad seo.