Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréag-chráibhtheacha: a dhíolas deachmhadh an mhiontais, na h-amíse, agus an chuimín, agus a d’fhág gan chóimhlíonadh na neithe is truime san dlighe, cóir, agus trócaire, agus dílseacht. Ba chóir díbh iad seo a dhéanamh gan iad siúd eile d’fhágáil gan déanamh.