Matha 6:16-18

Matha 6:16-18 OC1970

“Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh dʼaghaidh, ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice dʼAthair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.