1
Maitiú 16:24
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Ansan duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ-se, séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.
አወዳድር
{{ጥቅስ}} ያስሱ
2
Maitiú 16:18
Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a ċuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní ḃuaḋfaid geataí ifrinn uirṫi.
3
Maitiú 16:19
Agus taḃarfad duit eoċraċa ríġeaċta na ḃflaṫas; agus pé rud a ċeangalóċair ar talaṁ, beiḋ sé ceangailte ins na flaṫais; agus pé rud a sgaoilfir ar talaṁ, beiḋ sé sgaoilte ins na flaṫais.
4
Maitiú 16:25
Mar, an t-é gur mian leis a anam do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; aċ an t-é a ċaillfiḋ a anam ar mo ṡon-sa, ġeóḃaiḋ sé é.
5
Maitiú 16:26
Mar, cad é an tairḃe do ḋuine an doṁan go léir a ḃuaċtaint, má ḋeineann sé a anam féin a ċailleaṁaint? nó cad í an ṁalairt a ḋéanfaiḋ duine ar a anam féin?
6
Maitiú 16:15-16
Agus duḃairt Íosa leó: Aċ dar liḃ-se cé h-é mé? Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Is tú Críost Mac Dé Ḃí.
7
Maitiú 16:17
Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis: Is aoiḃinn duit, a Ṡímóin ṁic Ióna, óir ní feóil agus fuil a ḋ’ḟoillsiġ duit-se sin, aċ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais.
Home
Bible
Plans
Videos